Lá a maraíodh an Tiarna Liatroim - bhí trí fhear i bhFánaid tofa fá choinne an jab a dhéanamh – Ó Siail (Shiels) aitheanta mar ‘an táilliúir rua’, Ó hOireachtaigh (Herrity) agus Mac Giolla Bhuí (McElwee). Luigh siad i gcoille Chratlaigh (Wood Quarter nó Ceathrún na Coille a bhéarfaí uirthi) agus scaoil siad leis nuair a tháinig Liatroim thart i gcairt s’aige. Maraíodh fear agus gasúr a bhí le Liatroim chomh maith. Cibé cén duine a bhí curtha i bpríosún ag an am, dúradh go ndúirt an sagart nó an dochtúir go raibh an galar air agus i ndiaidh tamall go raibh sé marbh agus tugadh amach ón phríosún i gcónair [cónra] é. Cuireadh clocha isteach ann agus ba clocha a cuireadh. Tá Éamonn den bharúil nach rabhthar ag iarraidh daoine a chiontú as, go raibh na Sasanaigh a bhí i gceannas san am ag éirí tuirseach dó (Lord Leitrim). | 00:07:35 | |